About
Shop
Contact Us

Mass Readings

Catholic Ireland

Liturgical Readings for : Tuesday, 23rd April, 2024
Readings in English
Next Sunday's Readings

CÉAD LÉACHT 

Sliocht as Gníomhartha na nAspal     11:19-26
Thosaigh siad ag caint leis na Gréagaigh chomh maith agus ag fógairt dea-scéal an Tiarna Íosa dóibh
.

An mhuintir úd a scaipeadh ag an ngéarleanúint a tharla mar gheall ar Stiofán, ghluais siad rompu chomh fada le Féinice agus leis an gCipir agus le hAintíoch. Níor fhógair siad an briathar, áfach, ach do na Giúdaigh amháin. Ach bhí daoine áirithe orthu – Ciprigh agus Cuiréanaigh ba ea iad – agus nuair a bhain siad Aintíoch amach thosaigh siad ag caint leis na Gréagaigh chomh maith agus ag fógairt dea-scéal an Tiarna Íosa dóibh. Bhí lámh Dé leo san obair agus is iomaí duine a ghlac an creideamh agus a d’iompaigh chun an Tiarna.

Tháinig scéala fúthu go dtí an Eaglais in Iarúsailéim agus sheol siad Barnabas go hAintíoch. Nuair a shroich sé an áit agus nuair a chonaic sé grásta Dé ann, bhí áthas air, agus chomhairligh sé dóibh go léir cloí leis an Tiarna go daingean diongbháilte. Fear maith a bhí ann agus é lán den Spiorad Naomh agus de chreideamh. Agus cuireadh slua maith mór le buíon an Tiarna.

D’imigh Barnabas go Tarsas ag lorg Shóil, agus tar éis dó é a fháil, thug sé leis go hAintíoch é. Thug siad bliain iomlán ar aíocht ag an Eaglais ann agus thug siad teagasc dá lán daoine. Agus tharla gur in Aintíoch is túisce a tugadh Críostaithe ar na deisceabail.

Briathar an Tiarna          Buíochas le Dia

Salm le Freagra           Sm 86
Freagra                           Molaigí an Tiarna, a chiníocha uile
Malairt freagra            Alleluia!

1. Is ionúin leis an Tiarna a chathair suite sna sléibhte.
Is ansa leis an Tiarna doirse Shíón na bothanna uile Iacóib.
Maítear nithe glórmhara i do thaobh, a chathair Dé!                                            Freagra

2. “Áireoidh mé Ráhab agus an Bhablóin ar lucht mo adhartha.
Beidh Filistía agus an Tuír agus an Aetóip á n-áireamh ina gclann aici.
Agus beifear á rá faoi Shíón: Sí is máthair dó seo is dó siúd.’”                             Freagra

3. Is é an Tiarna, an Té is Airde, a bhunaigh go daingean í.
Scríobhfaidh an Tiarna i leabhar na bpobal: “Rugadh iad uile san áit sin.”
Ag rince dóibh beidh siad ag canadh: “Níl foinse agam nach bhfuil ionatsa.” Freagra

SOISCÉAL     

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin
10:22-30      Glóir duit, a Thiarna.
Is aon mise agus an tAthair.

Bféile na Toirbhearta in Iarúsailéim agus ba é an geimhreadh é. Agus bhí Íosa ag siúl timpeall sa Teampall i bpóirse Sholaimh. Chruinnigh na Giúdaigh ina thimpeall agus dúirt siad leis:
An fada a bheimid dár gcoinneáil ar bís agat? Más tú an Críost inis dúinn é os comhair an tsaoil.”
D’fhreagair Íosa iad:
D’inis mé daoibh, ach ní chreideann sibh.
Na hoibreacha a dhéanaim in ainm m’Athar, tugann siad fianaise i mo thaobh.
Ach ní chreideann sibhse, mar ní de mo chaoirigh sibh.

Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Tá an bheatha shíoraí agam á tabhairt dóibh, agus ní chaillfear go deo iad,
ná ní fhuadóidh aon duine as mo láimh iad.
M’Athair a thug dom iad, is mó é ná cách, agus ní féidir d’aon duine fuadach ó láimh m’Athar.
Is aon mise agus an tAthair.”

Soiscéal an Tiarna.             Moladh duit, a Chriost


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart